Cineál | teanga mharbh |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 0 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Briotainice | |
Cóid | |
Linguasphere | 50-AB |
Linguist List | brit |
Teanga Cheilteach labhartha sa Bhreatain agus sa Bhriotáin ba ea Comh-Bhriotainis[1] (dí-mholta Briotainis Choiteann) (Breatnais: Brythoneg; Coirnis: Brythonek; Briotáinis: Predeneg).[2][3]
Is teanga de chuid Ceiltis na nOileán í, fréamhaithe ó Phrótai-Cheiltis.[4][5][6][7] Tá gaol ann le Cruithnis.[8][9][10]
Cuireann fianaise ón mBreatnais in úil go raibh an-tionchar ag an Laidin ar an mBriotainis le linn na ré Rómhánaí, go háirithe téarmaí gaolmhar leis an eaglais agus le Críostaíocht an Iarthair.[11] Faoin séú haois AD, bhí teanga na mBriotanach Ceilteach ag scaradh ina Nua-Bhriotainic: Breatnais, Coimbris, Coirnis, Briotáinis agus b'fhéidir Cruithnis.
Tháinig teangacha eile chun cinn in ionad Briotainic in Albain (Gaeilge na hAlban) agus i Sasana agus chomh maith le hAlbain taobh ó dheas de Linne Foirthe (Sean-Bhéarla, as a thagann Béarla agus Albainis).[12] Fuair Coimbric bás sa 12ú haois[12] agus d'éag Coirnis san iardheisceart san ochtú haois déag, cé go bhfuil athbheochan ar siúl ann.[13][14] Is iad Breatnais agus Briotáinis amháin atá tagtha slán go dtí an lae inniu.
Mhol Tomás Ó Rathaile go raibh teanga Bhriotainice i nÉirinn roimh theacht na dTeangacha Gaelacha, ach ní aontaítear go forleathan leis an tuairim seo.[15]
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search